Painéal Roghnúcháin LUX

Ar Phainéal Roghnúcháin LUX, tá léiritheoirí, dáileoirí, oibreoirí pictiúrlann, stiúrthóirí ealaíne agus clársceidealóirí féilte scannán agus ionadaithe de chuid 27 Times Cinema.

Suíonn ionadaí ar phríomhchomhpháirtithe, Acadamh na Scannán Eorpach, an Coimisiún Eorpach/clár Eoraip na Cruthaitheachta agus Europa Cinemas mar bhreathnadóir.

Is é Michael Downey OBE, Cathaoirleach Acadamh na Scannán Eorpach, an tUachtarán Oinigh atá i mbun cathaoirleachta ar Phainéal Roghnúcháin LUX 2025.

Ceadaíonn an Coiste um Chultúr agus um Oideachas i bParlaimint na hEorpa baill an phainéil gach bliain.

Faigh tuilleadh eolais faoin bpróiseas roghnúcháin.

 

Painéal Roghnúcháin LUX 2025

people

Michael Downey OBE

Uachtarán Oinigh LUX – Gradam Scannánaíochta Lucht Féachana na hEorpa, Cathaoirleach Acadamh Scannán na hEorpa
Cathaoirleach Phainéal roghnúcháin LUX in 2021- 2025

Is léiritheoir scannán agus gníomhaí é an tÉireannach, Mike Downey, a bhunaigh an chuideachta neamhspleách léiriúcháin Film and Music Entertainment (F&ME) in 2000. Tá an chuideachta lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus i Londain. Tá sé luaite i dteidil chreidiúna os cionn 100 scannán lánfhada go dtí seo.

Le linn a ghairme beatha réasúnta gearr mar léiritheoir scannán, d’oibrigh sé le leithéidí Peter Greenaway, Agnieszka Holland, Julien Temple, Pawel Pawlikowski, Calin Peter Netzer, Andrzej Jakimowski, Juraj Jakubisko, Friðrik Þór Friðriksson, Michel Franco agus Stephen Daldry, mar aon leis an iliomad stiúrthóirí eile fud fad na hEorpa, Mheiriceá Theas, na hAfraice agus na hIndia.

D’oibrigh sé mar scannánóir ar thionscadail le déanaí i dteannta úrscéalaithe mór le rá amhail James Ellroy, Günter Grass atá ar shlí na fírinne, Thomas Keneally (Schindler’s List). D’oibrigh sé freisin le Colm Tóibín, Rebecca Lenckiewicz, scríbhneoir scripte an scannáin Ida, Shane Smith, bunaitheoir agus Príomhfheidhmeannach VICE Group, agus raon éagsúil stiúrthóirí amhail Volker Schlöndorff, Mohsen Makhmalbaf agus Oliver Hirschbiegel.

Sa bhreis ar an rath a bhí ar iliomad dá scannán ag oifig na dticéad, tá níos mó ná 250 gradam faighte ag léiriúcháin Downey ó na mórfhéilte scannán lena n-áirítear Cannes, Beirlín, Toronto, Sundance, San Sebastian, Tóiceo agus go leor eile.
Tá Downey ina chomhalta de bhord Acadamh na Scannán Eorpach le beagnach 20 bliain anuas agus, tar éis dó sé bliana a chaitheamh mar Leas-Chathaoirleach, rinneadh Cathaoirleach de in 2020, agus bhí sé ar an mbord in éineacht le iar-uachtaráin Wim Wenders agus Agnieszka Holland agus an t-uachtarán reatha Juliette Binoche.

In 2006, toghadh é ar Chomhairle Acadamh Scannán agus Ealaíon Teilifíse na Breataine (BAFTA) agus in 2008 toghadh é ar Choiste Scannán BAFTA. In 2020, chuaigh sé isteach arís i gComhairle BAFTA Is iontaobhaí é Downey freisin ar White Ribbon Alliance (Comhaontas na Ribíní Bána), móreagraíocht dhomhanda atá dírithe ar bhásmhaireacht le linn breith clainne a laghdú sa chuid den domhan atá i mbéal a forbartha, agus tá sé ina chomhbhunaitheoir ar Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta um Scannánóirí i mBaol (ICFR) ar fondúireacht í atá go láidir ar son scannánóirí i mbaol ar fud an domhain agus a ghníomhaíonn i ndlúthpháirtíocht leo.

Bhí sé páirteach i mbreis is 20 coiste roghnúcháin idirnáisiúnta ag féilte scannán ar fud an domhain lena n-áirítear Féile Scannán Shairéavó, Féile Scannán Idirnáisiúnta Rio de Janeiro, Féile Scannán Idirnáisiúnta Cottbus, Féile Scannán Idirnáisiúnta Vársá, Féile Scannán Idirnáisiúnta Iostanbúl, Féile Scannán Idirnáisiúnta Montréal, Féile Scannán Motovun, Féile Scannán Idirnáisiúnta Shóifia, Féile Scannán Idirnáisiúnta na Trasalváin, Féile Scannán Idirnáisiúnta Krakow agus Féile Scannán Idirnáisiúnta Zagreb, áit a ndearna súil siar ar a chuid oibre ag F&ME in 2009.

In 2014, ainmníodh é mar Léiritheoir na nDeich mBliana ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Fort Lauderdale. Ba iad Ed Pressman agus Robert Evans, an bheirt bhuaiteoirí a bhí ann roimhe sin. Reáchtáladh léiriú ómóis dá chuid oibre mar léiritheoir freisin ag Féile Scannán Phrág 2015.  Ina theannta sin, bronnadh Gradam Saoil Kristian air ag Féile Scannán Phrág in 2021. In 2023, i Réicivíc, bronnadh an chéad ghradam saoil ó thionscal scannán na hÍoslainne air as an méid a chuir sé leis an scannánaíocht idirnáisiúnta.

I 2020, d’fhógair Warwick Ollscoil, a alma mater bunaidh, go mbronnfaí Dochtúir honoris causa, D.Litt. air, as a chuid oibre saoil agus as a rannchuidiú le hamharclannaíocht agus scannánaíocht na hEorpa. Ina ról in Acadamh na Scannán Eorpach tá seisean agus an bord ag tacú le heagraíocht oideachais, Filmclub, a bhunú,  a bhfuil mar aidhm léi scannánaíocht ardchaighdeáin a thabhairt chuig scoileanna ar fud na hEorpa.
I dtús na bliana 2022, tugadh cuireadh do Downey a bheith ina Chomhalta de Chumann Ríoga na nEalaíon, agus ionduchtaíodh é in Acadamh na Stát Aontaithe um Ealaíona agus Eolaíochtaí Scannán (AMPAS). In 2017, chuaigh sé isteach in Acadamh Scáileáin an Aigéin Chiúin san Áise tar éis dó an Gradam um Éagsúlacht Chultúrtha, faoi phátrúnacht UNESCO, a bhaint amach don scannán Seoirseach Dede.

I measc na léiriúchán is déanaí uaidh tá scannán Íoslannach Runar Runarsson, When the Light Breaks, a taispeánadh ag tús Un Certain Regard, den Festival International du Film in Cannes.  D’oscail an scannán Albánach The Rise and Fall of Comrade Zylo, a chomhscríobh sé, i dTaillinn agus bhuaigh The Green Border, le Agnieszka Holland duaiseanna iomadúla sa Veinéis lena n-áirítear Leon an Ghiúiré Speisialta.  Tá sé ag obair ar Franz, scannán beathaisnéise de chuid Holland faoi Kafkaatá díreach tar éis scánnánú a chríochnú i bPrág agus i mBeirlín, faoi láthair chomh maith. I measc na scannán eile ar oibrigh sé orthu agus atá ag an gcéim dáileacháin tá La Suprema (an Cholóim), Familiar le Calin Peter Netzer (an Rómáin), Hotel Pula (an Chróit), Hidden People (an tSlóivéin), The Song of the Goats (an Pholainn) agus I am Somebody (an Ísiltír). Is iad seo a leanas na scannáin eile atá á n-ullmhú faoi láthair: It All Ends Here le Rajko Grlić (an Chróit), LO-FI (An Tuirc), Gorki Resort (An Pholainn), The Sun, The Moon, and the Eleven Stars (An Tuirc) chomh maith le Lady D (an Albáin) a raibh sé mar chomhscríbhneoir air freisin. Tá If I Were a Boy á scríobh aige faoi láthair, bunaithe ar an úrscéal le Haki Stermilli, i gcomhar leis an stiúrthóir Fatmir Kocichomh, chomh maith lena úrscéal is déanaí, Istria Black, atá le foilsiú sa Bhreatain agus in Éirinn i nDeireadh Fómhair.

Tabharfar a léiriúchán de scannán Oleg Sentsov, Real, chun críche i samhradh 2024 agus taispeánfar é ag mórfhéile A. Beidh a ardléiriúchán ar scannán nua Runar Runarsson ‘O’ ar taispeáint ag féile A chomh maith.  Tá sé ag obair faoi láthair le hAlbert Oehlen, ealaíontóir, agus stiúrthóir ainmnithe Ghradam an Acadaimh, Oliver Hirschbiegel ar obair leantach ar a scannán ealaíne roimhe seo The Painter, dar teideal GEEL (Buí). Tá Looping le Antonio Nuic á léiriú i Ságrab faoi láthair agus tá clár faisnéise  faoi scoil bailé pobail Projecto Vidancar in favela Complexo Alemao de Rio de Janeiro á réamhléiriú. Tá International Women’s Day le Srdjan Dragojevic á ullmhú le léiriú in 2025.

Anuraidh d’fhoilsigh MPress Media/Calm Productions a chéad úrscéal, Istria Gold, sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn. Foilsíodh an leabhar sa Bhulgáir i nDeireadh Fómhair seo caite agus ardmholadh faighte aige, agus an India i Márta. Foilseofar é sa Chróit i Meán Fómhair agus foilseofar eagráin bhreise sa Mhacadóin, san Úcráin, sa tSeirbia, i bPoblacht na Seice agus sa Tuirc níos déanaí sa bhliain. Foilseofar Istria Black, an dara cuid den triológ Three Colours Istria, i mí na Nollag agus leanfaidh Istria Blue, an chuid dheireanach níos déanaí. Anuraidh bhí sé ina Scríbhneoir Cónaitheach do mhí an Mheithimh 2023 i bhFondúireacht agus Ionad Bergman, de chuid Ingmar Bergman, in Fårö, oileán sa Mhuir Bhailt atá soir ó thuaidh ó Gotland agus a bhíodh ina bhaile aige tráth. I mbliana, rachaidh sé chun cónaithe in Chiang Mai ag clár Lotus, Cónaitheacht Ealaíontóra, sa Téalainn.

Roinneann sé a chuid ama idir Istria, Baile Átha Cliath agus cibé áit a bhfuil sé i mbun scannánaíochta ar a scannán is déanaí.

Fill ar an bhforléargas ar an bpainéalaí

people

Margherita Chiti

Dáileoir ag Teodora, Léiritheoir ag Palomar, Comhalta d’Acadamh na Scannán Eorpach
Comhalta de Phainéal Roghnúcháin LUX in 2024 agus 2025

Léiritheoir ag Palomar agus Comhalta d’Acadamh na Scannán Eorpach, tá Margherita Chiti ag obair i ndáileachán le breis agus 20 bliain anuas, le Mikado Film mar Bhainisteoir Éadálacha, le Sacher Distribuzione le Nanni Moretti mar Cheann Dáileacháin agus le Teodora Film mar Bhainisteoir Ginearálta agus Ceann Éadálacha & Díolachán.

Ag an am céanna, d’oibrigh sí mar chúntóir léirithe do chuideachtaí léirithe Luigi Musini agus Roberto Cicutto On My Own agus Cinemaundiciagus d’Fhoireann Léiriúcháin Áitiúil Warner Bros.

Thosaigh sí ag obair le Palomar mar Cheann Léiriúcháin agus Gnóthaí Idirnáisiúnta don Scannánaíocht agus Teilifís in 2021.

Tá sí ag obair do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Eoraip na Cruthaitheachta mar shaineolaí sa táirgeadh, dáileadh agus rochtain ar scéimeanna maoinithe margaí le breis agus 10 mbliana. Chomhbhunaigh sí Women in Film, TV & Media Italia in Aibreán 2018 agus is Leas-Uachtarán agus comhalta den bhord í ó shin.

Fill ar an bhforléargas ar an bpainéalaí

people

José Luis CIENFUEGOS

Stiúrthóir agus clársceidealóir féilte
Comhalta denPhainéal Roghnúcháin in 2025

Tá José Luis Cienfuegos ina stiúrthóir ar Seminci, Féile Scannán Idirnáisiúnta Valladolid, sa Spáinn, ceann de na féilte scannánaíochta is sine ar domhan, a dhíríonn ar scannánaíocht ‘auteur’. Roimhe sin, bhí sé ina stiúrthóir ar Fhéile Scannánaíochta Eorpach Sevilla (2012-2023) agus ar Fhéile Scannánaíochta Gijón (1995-2011). Bhí sé ina chomhalta d’Acadamh na Scannán Eorpach agus ina chomhalta dá choiste saineolaithe do scannáin fhada 2021-23. Bhí sé ar choiste roghnúcháin Dhuais Scannánaíochta LUX ó 2011 go 2019. Bhí sé ina chomhalta d’Acadamh Scannán na Spáinne agus d’Acadamh Ríoga Mínealaíon San Fernando, ó 2013 go 2017 agus ina chomhalta den ghiúiré do Ghradam Phrionsa Asturias do na hEalaíona a d’eagraigh Fondúireacht Phrionsa Asturias. Bhí sé ina chomhalta den ghiúiré ag go leor féilte, amhail féile Rotterdam, Karlovy Vary, San Sebastián, BAFICI, Santiago de Chile, Documenta Madrid agus Las Palmas, i measc féilte eile, freisin. 

Faoi láthair, tá sé ag obair mar léachtóir i roinnt ollscoileanna agus scoileanna scannán agus mar chomhairleoir d’institiúidí cultúrtha éagsúla. Eagraíonn sé taispeántais agus ceolchoirmeacha freisin agus tá go leor alt faoi chúrsaí cineamatagrafaíochta scríofa aige.

Fill ar an bhforléargas ar an bpainéalaí

people

Marta Fernandes

Taispeántóir ag Cinema Ideal agus Dáileoir ag Midas Filmes
Comhalta de Phainéal Roghnúcháin LUX in 2023, 2024 agus 2025

Agus í ina ceannaire ar dháileadh agus fálacha ag Midas Filmes ó mhí Lúnasa 2008 i leith, tá Marta ina comhalta ar fhoireann an chlársceidealaithe agus bíonn sí ag déileáil leis an bpreas agus ag plé le meáin shóisialta an Cinema Ideal, an phictiúrlann a ndearna Midas II Cinemas í a athchóiriú agus a athoscailt in 2014.

Tá sí ag obair ar dháileadh scannán le hos cionn 20 bliain anuas. Thosaigh sí ag obair ag Atalanta/Medeia Filmes ar dtús, áit a raibh sí freagrach as na straitéisí cumarsáide agus margaíochta le haghaidh os cionn 200 eisiúint amharclainne scannáin, agus bhí sí freagrach as clársceidealú roinnt clár, díospóireachtaí agus féilte a d’eagraigh Medeia cinemas, agus freisin ag Féile Scannán IndieLisboa, áit a raibh sí ina Léiritheoir Feidhmiúcháin. Sula ndeachaigh sí isteach i ngnó na scannánaíochta, d’oibrigh sí mar iriseoir agus bhí sí mar bhall den fhoireann taighde ag faireachlann chumarsáide Obercom, áit a raibh sí ina húdar agus comhúdar ar roinnt tuarascálacha Eorpacha. Tá céim sa Staidéar ar na Meáin ó Universidade Nova de Lisboa agus Máistreacht sa Scannánaíocht aici. Bhain a cuid staidéir iarchéime le bainistiú cultúir agus le dioscúrsaí agus cultúir atá ag teacht chun cinn – ó léirmheastóirí go healaín.

Fill ar an bhforléargas ar an bpainéalaí

people

Priscilla Gessati

Stiúrthóir clársceidealaithe ag Cinéma L’Entrepôt
Comhalta de Phainéal Roghnúcháin LUX in 2023, 2024 agus 2025

Tar éis di staidéar a dhéanamh ar an Rúisis ag INALCO agus máistreacht a bhaint amach i bpolaitíocht an chultúir ag Institiúid an Léinn Eorpaigh i bPáras 8, bhí Priscilla Gessati i gceannas ar staidéir agus an t-athbhreithniú líonra ar chlár Eorpach Europa Cinemas roimh dhul i mbun oibre le hionad scannánaíochta cathrach Forum des Images i bPáras. D’oibrigh sí freisin ar chlársceidealú Ciné Lumière d’Institiúid na Fraince sa Ríocht Aontaithe agus ar léiriúchán ar an gcúigiú féile sraith teilifíse Totally Serialized. Agus í fíorthiomanta do chlársceidealú agus scannánaíocht ealaíne agus an éagsúlacht a chosaint, chomhordaigh sí gníomhaíochtaí an dáilte agus na foilsitheoireachta le Potemkine Films sular ghlac sí bainistiú Le Balzac ar láimh, ar pictiúrlann stairiúil í atá lonnaithe ar an Champs Élyseés. In éineacht le Joël Chapron bhí sí ina comhúdar ar Principles and Mechanisms of Financing French Cinema agus Regulation and Practices of Cinematographic Exploitation, a bhí ceaptha ar dtús do mhargadh na Rúise. Thug sí faoi ról nua le déanaí le l’Entrepôt (Páras), spás neamhghnách ina bhfuil pictiúrlann chomh maith le hionad ceoil, dánlann, bialann agus beár.

Fill ar an bhforléargas ar an bpainéalaí

people

Eamon Hughes

Ionadaí 27 Times Cinema
Comhalta de Phainéal Roghnúcháin LUX in 2025

Bhain Éamon Hughes céim amach ó Scoil Náisiúnta Scannán na hÉireann in 2020, agus cuireadh a scannán iarchéime ar an liosta fada do ghradaim BAFTA na Mac Léinn. Ní fada ina dhiaidh sin, thosaigh Éamon ag obair mar Bhainisteoir Léiriúcháin ag Samson Films in 2021, comhlacht léiriúcháin príomhscannán atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. I measc na scannán is déanaí uaidh tá My Sailor, My Love, a taispeánadh den chéad uair in TIFF 2022, The Ghost of Richard Harris, a taispeánadh den chéad uair in Biennale na Veinéise 2022, agus, Baltimore, a taispeánadh den chéad uair in Telluride 2023 agus i bhFéile Scannán Londain. Tá Éamon ag obair ar an scláta scannán atá á léiriú faoi láthair, chomh maith le roinnt dá thionscadail féin a léiriú agus a threorú sa chuideachta.

In 2023, roghnaíodh Éamon mar Ambasadóir na hÉireann do thionscadal 27 Times Cinema agus ó shin tá páirt ghníomhach aige i gcur chun cinn Ghradam Lucht Féachana Lux.

Fill ar an bhforléargas ar an bpainéalaí

people

Denis Ivanov

Comhalta boird d’Acadamh na Scannán Eorpach, comhbhunaitheoir Fhéile Scannán Idirnáisiúnta Odesa, Children Kinofest, agus Seachtain Léirmheastóirí Chív, Ceann na cuideachta scannánaíochta ARTHOUSE TRAFFIC, dáileoir agus léiritheoir
Comhalta de Phainéal Roghnúcháin LUX in 2024 agus 2025

Tá Denis Ivanov ina chomhalta boird d’Acadamh Scannán na hEorpa, ina chomhbhunaitheoir d’Fhéile Scannán Idirnáisiúnta Odesa, Children Kinofest, agus Seachtain Léirmheastóirí Chív; ceann cuideachta scannán ARTHOUSE TRAFFIC; dáileoir agus léiritheoir.

D’oibrigh sé mar léiritheoir ar 8 scannán lánfhada agus os cionn 40 gearrscannán. Bhuaigh a scannán THE TRIBE le Myroslav Slaboshpitsiy an Grand-Prix ag Seachtain Léirmheastóirí Cannes 2014 agus taispeánadh i níos mó ná 40 tír é. Bhuaigh DONBAS le Sergei Loznitsa an duais don Stiúrthóir is Fearr faoin rannóg Un Certain Regard ag Féile Cannes 2018. Taispeánadh a shaothair RHINO le Oleh Sentsov (2021) agus 107 MOTHERS le Peter Kerekes den chéad uair i roghnú oifigiúil FSI na Veinéise.

Fill ar an bhforléargas ar an bpainéalaí

people

Axelle Jean

Ionadaí 27 Times Cinema
Comhalta de Phainéal Roghnúcháin LUX in 2025

Tá céim ag Axelle Jean sa Stair, sa Tíreolaíocht, agus sa Chumarsáid Idirchultúrtha ó Ollscoil Sorbonne (Páras), le béim ar leith ar an Íoslainnis agus ar an Ungáiris. Tá taithí fhairsing faighte aici ag obair le haghaidh féilte/margaí (Cannes Docs - Marché du Film, Cinéma du réel, Festival de Cabourg, FIPADOC) agus cuideachta díolacháin scannán (The Party, Picture Tree International). Is é an príomhfhócas atá aici ná cláir faisnéise agus tá sí ag feidhmiú mar léirmheastóir ar Fhéile Idirnáisiúnta Scannán Réicivíc agus ar Giornate degli Autori ó 2022 agus 2024 faoi seach. In 2023, roghnaíodh í mar Ambasadóir na Fraince do thionscadal 27 Times Cinema agus tá páirt ghníomhach glactha aici ó shin i gcur chun cinn Ghradam Lucht Féachana Lux. Thosaigh sí ag oabir leis an gcuideachta díolacháin faisnéise, Cinephil, le déanaí.

Fill ar an bhforléargas ar an bpainéalaí

people

Ondřej Kamenický

Stiúrthóir One World, Féile Idirnáisiúnta do Scannáin Faisnéise ar Chearta an Duine
Comhalta de Phainéal Roghnúcháin LUX in 2024 agus 2025


 Is é Ondřej Kamenický stiúrthóir One World, Féile Idirnáisiúnta do Scannáin Faisnéise ar Chearta an Duine

Meastar gurb é One World an fhéile is mó ar domhan do scannáin faisnéise ar chearta an duine. Reáchtáiltear an fhéile i bPrág agus os cionn 50 cathair agus baile sa tSeicia. Taispeánann an fhéile scannáin faisnéise maidir le cearta an duine, saincheisteanna sóisialta, polaitiúla, comhshaoil agus meán. I measc na n-imeachtaí ag an bhféile bíonn seisiúin ceisteanna agus freagraí, díospóireachtaí painéil, imeachtaí réaltachta fíorúla, tionscadail tionchair shóisialta, léirithe do scoileanna agus East Doc Platform do thionscal na scannán. Dáileann One World scannáin faisnéise, cabhraíonn sé le féilte nua (eg. i Nicearagua, Cósta Ríce, Hong Cong), díríonn sí ar dhaoine faoi mhíchumas agus eagraíonn sé One World sa Bhruiséil.

Fill ar an bhforléargas ar an bpainéalaí

people

Ibtisam Omer

Leas-Uachtarán Margaíochta in MUBI
Comhalta de Phainéal Roghnúcháin LUX 2025

Is as Stócólm, an tSualainn do Ibtisam Omer ó dhúchas. Is feidhmeannach margaíochta cruthaithí agus oideoir é a bhfuil 14 bhliain taithí idirnaisiúnta aige ar a bheith ag obair do chuideachtaí ceannródaíocha ó thaobh na teicneolaíochta, an fhaisin agus na siamsaíochta de. D’oibrigh Ibtisam ag Adidas, Google agus Netflix roimhe seo agus oibríonn sé  chomh maith mar Cheannaire Tionscail agus léachtóir ag Scoil Ghnó Cruthaitheach Hyper Island chomh maith le suí ar an mbord ardán ceoil Boiler Room.

Faoi láthair tá Ibtisam ina Leas-Uachtarán Margaíochta, Global in MUBI agus tá sé bunaithe i mBeirlín.

Fill ar an bhforléargas ar an bpainéalaí

people

Katarzyna Orysiak-Marrison

Ceann Margaíochta ag Gutek Film
Comhalta de Phainéal Roghnúcháin LUX in 2024 agus 2025

Tá Katarzyna ag obair le Gutek Film ó 2013. Tá sí freagrach as ceapadh agus maoirsiú an phróisis iomláin a bhaineann le scannáin uile na cuideachta a sheoladh, ó shocrú agus cur i bhfeidhm an bhuiséid go dtí na straitéisí dáilte, margaíochta agus preasa foriomlána do gach scannán a seoltar. Bhí sí freagrach as níos mó ná 100 feachtas rathúil do scannáin ar nós ‘Parasite’ le Bong Joon-ho, ‘The House That Jack Built’ le Lars von Trier, ‘Portrait of a Lady of Fire’ le Céline Sciamma, ‘Toni Erdmann’ le Maren Ade, ‘Drive My Car’ le Ryusuke Hamaguchi, ‘Parallel Mothers’ le Pedro Almodóvar, ‘C’mon C’mon’ le Mike Mills agus ‘Triangle of Sadness’ le Ruben Östlund; i measc go leor eile. Rugadh í in 1982 agus tá sí ag obair i dtionscal na scannánaíochta le 17 mbliana anuas. Ta sí ag déanamh speisialtóireachta i straitéisí margaíochta agus dáileacháin faoi láthair. Ag tosú ag Féile Scannán Vársá mar Cheann Seirbhíse Aíonna. Ina dhiaidh sin, dhírigh sí ar dháileadh amharclainne in Mañana, dáileoir atá lonnaithe i Vársá agus a bhfuil sainspeisialtóireacht aige i scannáin ó Mheiriceá Laidineach, ón Áise agus ón Afraic. Bhí sí freagrach as straitéisí margaíochta mórán teideal a bronnadh, chomh maith le cláir agus raon imeachtaí speisialaithe a léiriú: Seachtain na Scannán Spáinneach, Féile Scannán Dhomhanda Ale Kino agus Féile Scannán Mheiriceá Laidinigh. In 2022, léirigh Katarzyna féile nua do Gutek Film ag an bhféile, ‘Konfrontacje Filmowe’ (‘Achrainn Scannán’),cuireadh rogha eisiach de na scannáin is suimiúla ón séasúr atá le teacht ar taispeáint den chéad uair, agus taispeánadh iad i 24 phictiúrlann sainealaíne ar fud 18 gcathair sa Pholainn. Creideann Katarzyna go láidir sa scannánaíocht sainealaíne agus le blianta beaga anuas, tá sí ag lorg bealaí nua chun eisiúintí amharclainne a chur chun cinn trí mhodhanna seanbhunaithe éagsúla a chur le chéile – comhoibriú le brandaí, institiúidí agus daoine aonair, agus imeachtaí speisialta amharclainne – le cur chuige nua-aimseartha, anailíseach, sonraíbhunaithe.

Fill ar an bhforléargas ar an bpainéalaí

people

Claudia Tronnier

Stiúrthóir Aonad na Scannánaíochta ag ARTE
Comhalta de Phainéal Roghnúcháin LUX in 2024 agus 2025

Rinne Claudia Tronnier staidéar ar reiligiún comparáideach, ar litríocht nua na Gearmáine, ar Indeolaíocht agus ar eolaíocht na meán i Marburg/an Ghearmáin. Scríobh sí faoi scannáin i meáin éagsúla sna 80í sular tháinig sí chun bheith ina saoroibrí sa chraoltóir poiblí Dara Teilifís na Gearmáine (ZDF) in Mainz in 1990. Ansin thosaigh sí ag obair do roinn tallainne Das kleine Fernsehspiel mar eagarthóir coimisiúnaithe do phríomhscannáin, do chláir faisnéise agus do chineálacha éagsúla formáidí turgnamhacha. Ceapadh í mar Cheannaire ar Das kleine Fernsehspiel sa bhliain 2008. Le linn a tréimhse in ZDF, choimisiúnaigh sí líon mór comhléirithe náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear roinnt scannán le déantóirí scannán Turcacha/Gearmánacha agus scannánóirí a bhfuil fréamhacha acu i dtíortha eile. Bhunaigh sí clár chun tacú le déantóirí scannán ban agus tá sí ar dhuine de chomhbhunaitheoirí na duaise do stiúrthóirí ban, SI STAR. Ón 1 Eanáir 2021 i leith, tá sí ina Ceannaire Scannánaíochta, Teilifíse agus Sraithe ag Arte G.E.I.E. Tá sí ina comhalta de chomhdháil an chláir freisin agus tá sí freagrach as comhordú, roghnú agus clársceidealú na gclár ficseanúil uile a chraoltar ar Arte agus Arte,tv

Fill ar an bhforléargas ar an bpainéalaí

people

Amitabh Vardhan

Príomhfheidhmeannach grúpa Cine Grand a bhfuil pictiúrlanna sa Rómáin agus sa Bhulgáir á bhfeidhmiú aige
Comhalta de Phainéal Roghnúcháin LUX in 2024 agus 2025

Tá cúlra gairmiúil éagsúil ag Amitabh Vardhan le taithí a chuimsíonn roinnt tíortha, lena n-áirítear an India, SAM, an Bhulgáir, an Rómáin, an tSeirbia, an Ríocht Aontaithe agus Macadóine. Tá cuntas teiste láidir aige i bhfás gnó a thiomáint trí nuálaíocht, leathnú, agus comhpháirtíochtaí nua i Siamsaíocht, Earraí Tomhaltóirí, Seirbhísí, Fáilteachas, agus Eastát Réadach. Tá sé tar éis foirne móra trasfheidhmiúla a thógáil agus a stiúradh go héifeachtach i dtreo spriocanna eagraíochtúla a bhaint amach. Bhunaigh sé comhghuaillíochtaí straitéiseacha chun tairbhe an dá thaobh le páirtithe leasmhara éagsúla agus d’fhorbair sé straitéisí margaíochta éifeachtacha as ar eascair infheictheacht agus fás branda méadaithe. Ó 2010 i leith, tá Amitabh ina Stiúrthóir agus ina Phríomhfheidhmeannach ar Cine Grand DV. Roimhe sin bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar PVR Cinemas (an slabhra pictiúrlainne is mó san India) ó 2003.

Fill ar an bhforléargas ar an bpainéalaí

people

Maria Silvia Gatta

An Coimisiún Eorpach, oifigeach beartais d’Eoraip na Cruthaitheachta AS CNECT
Breathnóir i bPainéal Roghnúcháin LUX in 2021 - 2025

Tháinig Maria Silvia Gatta isteach sa chlár MEDIA ón gCoimisiún Eorpach in 2003, ag déileáil le meastóireacht a dhéanamh ar chlár MEDIA+ agus tacaíocht an dáilte.

Tar éis di tréimhse a chaitheamh thar lear, ó 2019 i leith rinne sí maoirseacht ar chur chun feidhme Chlár Cruthaitheach MEDIA 2021-2027 agus oibríonn sí ar bheartas maidir le hoidhreacht scannánaíochta na hEorpa.

Fill ar an bhforléargas ar an bpainéalaí

people

Fatima Djoumer

An Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Europa Cinemas
Breathnadóir ag Painéal Roghnúcháin LUX ó 2007 - 2015 agus 2021 - 2025

Chuaigh Fatima Djoumer isteach in Europa Cinemas in 1993 mar Cheannaire ar Chaidreamh Idirnáisiúnta agus ar Imeachtaí Idirnáisiúnta agus tá comhdhálacha líonra, cláir forbartha lucht féachana, saotharlanna nuálaíochta agus Lipéad Europa Cinemas eagraithe aici ann. D’oibrigh sí freisin ar fhorbairt Lipéad Europa Cinemas. Is líonra amharclannaíochta scannánaíochta é Europa Cinemas a thacaíonn le cúrsaíocht scannán Eorpach lasmuigh dá dtír bhunaidh agus a thacaíonn le gníomhaíochtaí forbartha lucht féachana, le béim ar an spéis atá ag lucht féachana óg i scannáin Eorpacha a ardú.

Tá 1,216 phictiúrlann (le 3,131 scáileán) san áireamh sa líonra in 738 gcathair ar fud 43 thír.

Fill ar an bhforléargas ar an bpainéalaí

people

Nuno Pimentel

Comhordaitheoir tionscadail do Ghradam Lucht Féachana LUX
Comhalta de Phainéal Roghnúcháin LUX 2025

Is as an bPortaingéil do Nuno Pimentel, áit ar bhain sé céim amach sa Scannánaíocht ón scoil ealaíne, sula ndeachaigh sé go dtí Antwerp chun obair a dhéanamh i rannóg forbartha cuideachta léiriúcháin. Sa Ríocht Aontaithe, rinne sé staidéar ar scríbhneoireacht scripte in Royal Holloway, Ollscoil Londain. In 2016, chuaigh sé isteach i gcuideachta dáileacháin Phortaingéalach, Alambique, chun comhordú a dhéanamh ar Cinema Bold, lipéad intí, dírithe ar straitéisí dáilte malartacha do scannáin neamhghnácha. In 2019, bhí sé mar chuid d’Acadamh Tionscail Locarno, agus tugadh cuireadh dó arís in 2021, an uair seo mar chuid de chlár U30 atá dírithe ar ghlúin nua gairmithe scannán.

Tá cónaí air faoi láthair i mBeirlín, áit ar bhog sé in 2020 chun clárú sa chlár Next WAave de chuid Dffb, atá díríthe ar chineamaifilia na todhchaí agus ar fhorbairt margaí idirnáisiúnta scannán. Sa chlár, faoi mheantóireacht Leas-Uachtaráin léiriúcháin MUBI, Bobby Allen, d’fhorbair sé Félicette Films, lipéad dáileacháin malartach uile-Eorpach a dhíríonn ar rogha scannán ‘a thiteann trí na scoilteanna’ a chur amach  – saothair atá saibhir, misniúil agus uathúil agus a bhfuil aird tuillte acu.

In 2021, d’éirigh leis an tionscadal a chur i láthair ag Berlinale agus ag Féile Scannán Cannes.

I measc na dtionscadal a raibh sé ag obair orthu san am a chuaigh thart agus cinn a bhfuil sé ag obair orthu san am i láthair, tá comhoibriú le Wolf Kino i mBeirlín, agus Rapid Eye Movies in Köln. Bíonn an-spraoi aige chomh maith sa scrioblóireacht agus sa scannánaíocht thurgnamhach.

Is féidir leat labhairt leis i bPortaingéilis, i mBéarla, i Spáinnis agus i bhFraincis an-bhunúsach. Go luath (tá súil aige) beidh tú ábalta teacht air i nGearmáinis chomh maith.

Fill ar an bhforléargas ar an bpainéalaí