Amlíne agus próiseas rátála
Amlíne an Ghradaim
9-10 Meitheamh 2026
Cruinniú de Choiste Roghnúcháin LUX chun na cúig scannán atá le hainmniú do Ghradam Lucht Féachana LUX 2026 a phlé agus a roghnú
25 Samhain 2026
Fógairt na gcúig scannán ainmnithe i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg
Nollaig 2026 - Aibreán 2027
Taispeáintí de na scannáin ainmnithe le linn na tréimhse ‘Féach, Rátáil agus Buaigh’
Aibreán 2027
Searmanas Bronnta Ghradam Lucht Féachana LUX – fógairt an bhuaiteora ag an searmanas i bParlaimint na hEorpa.
Próiseas rátála
Is féidir leis an lucht féachana gach ceann de na cúig scannán ainmnithe a rátáil ón 25 Samhain 2026 go dtí mí Aibreáin 2027 (dáta le deimhniú) ar Ardán Rátála LUX. Beidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa in ann vótáil trí leathanach rátála tiomnaithe de chuid na hinstitiúide. Is féidir rátálacha a athrú chomh minic agus is mian leat go dtí deireadh na tréimhse rátála. Ní chuirfear san áireamh ach an rátáil dheireanach amháin.
Is féidir leis an bpobal agus le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa araon na scannáin a rátáil ar líne. Buafaidh an scannán a gheobhaidh an scór iomlán is airde, arna rátáil ag an bpobal agus ag Feisirí (meáchan rátála comhionann de 50% an ceann) Gradam Lucht Féachana LUX. Fógrófar an buaiteoir ag Searmanas Ghradam Lucht Féachana LUX i mí Aibreán 2027 i bParlaimint na hEorpa.