Tá cúig scannán ar an ngearrliosta do Ghradam Lucht Féachana LUX 2024. Tapaigh an deis agus roghnaigh buaiteoir Ghradam Lucht Féachana LUX: scóráil na cúig scannán ó réalta amháin (lag) go cúig réalta (thar barr).
Déan an scóráil faoi mhí an Mhárta 2024 agus ná caill an deis duaiseanna éagsúla a bhuachan. Ina measc, tá cuairt ar Pharlaimint na hEorpa chun freastal ar Shearmanas Dhuais LUX agus bualadh le stiúrthóirí agus criúnna na scannán ainmnithe.
Nithe a bhaineann leis an nGradam

Bronnann Parlaimint na hEorpa agus an European Film Academy Gradam Lucht Féachana LUX gach bliain, i gcomhpháirt leis an gCoimisiún Eorpach agus Europa Cinemas. Déanann an duais ceiliúradh ar scannánaíocht na hEorpa agus tá sé mar aidhm aige feasacht a mhúscailt faoi shaincheisteanna sóisialta, polaitiúla agus cultúrtha san Eoraip.
Taispeáintí LUX
A bhuíochas do Ghradam Lucht Féachana LUX, déanfar fotheidealú ar gach ceann de na cúig scannán ainmnithe i 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus taispeánfar iad i ngach tír san Aontas. Ná caill an deis féachaint ar na scannáin, iad a scóráil ar an suíomh gréasáin seo agus duais a bhuachan.
Féach níos mó Taispeáintí LUX27 Times Cinema
Féach conas iarratas a dhéanamh ar chlár 27 Times Cinema’ do dhaoine óga a bhfuil dúil acu sa scannánaíocht agus conas Gradam Lucht Féachana LUX a chur chun cinn. Tacaigh le luachanna Eorpacha agus le héagsúlacht chultúrtha in éineacht le Parlaimint na hEorpa!
Féach níos mó 27 Times CinemaComhpháirtithe
BÍ PÁIRTEACH SA PHOBAL!
Tá daoine cosúil leatsa ag seasamh an fhóid chun beart a dhéanamh le haghaidh todhchaí níos fearr a bhaint amach. Glac páirt sa phobal, bíodh sé trí pháirt a ghlacadh sa phróiseas polaitiúil nó trí chabhrú le tábhacht na vótála a chur chun cinn. Glac páirt, déan teagmhálacha. Tabhair do thuairim faoin Eoraip!