Scannáin

 

 

Buaiteoir Ghradam Lucht Féachana LUX 2026

Deaf (Sorda)

Eva Libertad

Fógraíodh buaiteoir Ghradam Lucht Féachana LUX 2026 an 14 Aibreán i Seomra Tionóil Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil. Comhghairdeas le Eva Libertad, stiúrthóir an scannáin a bhuaigh, ‘Deaf (Sorda)’.

Faigh tuilleadh eolais faoin searmanas

Seolfar eagrán 2027 an 25 Samhain 2026 in Strasbourg agus fógrófar na cúig scannán ainmnithe.

 

Searmanas bronnta do Ghradam Lucht Féachana LUX, 14 Aibreán 2026.

 

 

A bhuí le Gradam LUX, déanfar fotheidealú ar gach ceann de na 5 scannán ainmnithe in 24 theanga oifigiúla an Aontais chun iad a thaispeáint i ngach Ballstát agus níos faide i gcéin.

Gach bliain, eagraíonn Parlaimint na hEorpa taispeáintí saor in aisce de na scannáin ainmnithe ar fud an Aontais agus iarrann sí ar lucht féachana na hEorpa a dtuairimí a thabhairt trí na scannáin a rátáil ar luxaward.eu.

As measc na ndaoine a mbeidh rátáil tugtha acu, gheobhaidh deichniúr saoránach deis chun freastal ar Shearmanas Ghradam Lucht Féachana LUX i bParlaimint na hEorpa agus gheobhaidh 120 saoránach duaiseanna spreagúla eile!

Cliceáil ar an scannán le haghaidh tuilleadh eolais faoi na dátaí taispeána atá ar fáil agus lean sinn ar Instagram agus Facebook chun na scéalta is déanaí a fháil.