Tá cúig scannán ar an ngearrliosta do Ghradam Lucht Féachana LUX 2024. Tapaigh an deis agus roghnaigh buaiteoir Ghradam Lucht Féachana LUX: scóráil na cúig scannán ó réalta amháin (lag) go cúig réalta (thar barr).
Déan an scóráil faoi mhí an Mhárta 2024 agus ná caill an deis duaiseanna éagsúla a bhuachan. Ina measc, tá cuairt ar Pharlaimint na hEorpa chun freastal ar Shearmanas Dhuais LUX agus bualadh le stiúrthóirí agus criúnna na scannán ainmnithe.

Nithe a bhaineann leis an nGradam

Bronnann Parlaimint na hEorpa agus an European Film Academy Gradam Lucht Féachana LUX gach bliain, i gcomhpháirt leis an gCoimisiún Eorpach agus Europa Cinemas. Déanann an duais ceiliúradh ar scannánaíocht na hEorpa agus tá sé mar aidhm aige feasacht a mhúscailt faoi shaincheisteanna sóisialta, polaitiúla agus cultúrtha san Eoraip.
Taispeáintí LUX
A bhuíochas do Ghradam Lucht Féachana LUX, déanfar fotheidealú ar gach ceann de na cúig scannán ainmnithe i 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus taispeánfar iad i ngach tír san Aontas. Ná caill an deis féachaint ar na scannáin, iad a scóráil ar an suíomh gréasáin seo agus duais a bhuachan.
Féach níos mó Taispeáintí LUX27 Times Cinema
Féach conas iarratas a dhéanamh ar chlár 27 Times Cinema’ do dhaoine óga a bhfuil dúil acu sa scannánaíocht agus conas Gradam Lucht Féachana LUX a chur chun cinn. Tacaigh le luachanna Eorpacha agus le héagsúlacht chultúrtha in éineacht le Parlaimint na hEorpa!
Féach níos mó 27 Times CinemaComhpháirtithe
BÍ PÁIRTEACH SA PHOBAL!
Is pobal é lecheile.eu de dhaoine a chreideann sa daonlathas agus ar mian leo fíorbhrí a thabhairt dó agus na chéad toghcháin Eorpacha eile ag druidim linn. Nascann sé daoine ó gach cearn den Eoraip ionas gur féidir leo bualadh le chéile, eolas a roinnt agus scileanna nua a fhoghlaim, agus daoine eile a spreagadh ag an am céanna chun vóta a chaitheamh in 2024. Cláraigh anseo chun a bheith rannpháirteach— dá mhéad daoine a chaitheann vóta is ea is láidre a bheidh ár ndaonlathas!