Christy
Brendan Canty

© Parlaimint na hEorpa. Gach ceart ar cosaint.
Éire, An Ríocht Aontaithe | 2025 | 94 nóim | Dráma
Achoimre:
Bíonn ar Christy, atá seacht mbliana déag d’aois, bogadh isteach lena leathdheartháir mór nuair a chaitear amach as a theach altrama sna bruachbhailte é. Cé gur socrú sealadach é dar lena dheartháir, ní fada go mbíonn Christy ar a shuaimhneas ar an taobh thuaidh de chathair Chorcaí, ag déanamh cairde agus ag cur eolas arís ar a dhúchas, trína ghaolta níos faide amach uaidh, a mbíonn drochthionchar acu air, de réir dealraimh. Agus é meáite ar thodhchaí níos fearr a thabhairt do Christy, bíonn roghanna deacra le déanamh ag a dheartháir a d’fhéadfadh deighilt a spreagadh eatarthu. Tar éis a bheith scartha óna chéile ar feadh na mblianta fada, ní mór do na deartháireacha a stair chasta a réiteach anois agus cinneadh a dhéanamh faoin gcuma a bheidh ar an todhchaí.