An Clár um Thallann Óg
Trí Chlár Ghradam Lucht Féachana LUX um Thallann Óg, tugtar deis iontach do ghairmithe óga i dtionscal na scannán dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh a ngairme de.
Roghnaíonn Parlaimint na hEorpa agus Europa Cinemas gairmí óg amháin in aghaidh gach tíre de chuid an Aontais Eorpaigh trí phróiseas iarratais oscailte.
Glacann na hiarrthóirí roghnaithe páirt i gclár oiliúna spéisiúil i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg. Bíonn deis acu freisin freastal ar sheoladh oifigiúil an eagráin nua de Ghradam Lucht Féachana LUX agus ar fhógairt na gcúig scannán ainmnithe.
Áirítear sa Chlár seisiúin eolais le comhpháirtithe tábhachtacha, geallsealbhóirí, agus eagraíochtaí scannán ábhartha (scannánóirí, dáileoirí, léiritheoirí, criticeoirí, etc.) agus oiliúint a sholáthraíonn Parlaimint na hEorpa agus comhpháirtithe dá cuid.
Príomhchuspóirí an Chláir um Thallann Óg:
Gradam Lucht Féachana LUX a chur chun cinn: Feasacht a mhúscailt i measc an phobail, fud fad an Aontais, ar Ghradam Lucht Féachana LUX agus ar na cúig scannán Eorpacha atá ainmnithe dó.
Caidreamh a chothú le gairmithe óga: Deiseanna a thabhairt do ghairmithe óga i dtionscal na scannán lorg a fhágáil, ar bhealach gníomhach, ar chur chun cinn na scannánaíochta Eorpaí.
Sineirgí a chruthú chun an scannánaíocht Eorpach a neartú: Comhar a éascú idir pictiúrlanna náisiúnta, Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa, agus pobail áitiúla chun treisiú leis an idirphlé cultúrtha agus leis an tuiscint chultúrtha.