Buaiteoir Ghradam Lucht Féachana LUX 2026

Deaf (Sorda)

Eva Libertad

Fógraíodh buaiteoir Ghradam Lucht Féachana LUX 2026 an 14 Aibreán i Seomra Tionóil Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil. Comhghairdeas le Eva Libertad, stiúrthóir an scannáin a bhuaigh, ‘Deaf (Sorda)’.

Faigh tuilleadh eolais faoin searmanas

Seolfar eagrán 2027 an 25 Samhain 2026 in Strasbourg agus fógrófar na cúig scannán ainmnithe.

 

Searmanas bronnta do Ghradam Lucht Féachana LUX, 14 Aibreán 2026.

Tá cúig scannán ar an ngearrliosta do Ghradam Lucht Féachana LUX 2025. Tapaigh an deis agus roghnaigh buaiteoir Ghradam Lucht Féachana LUX: rátáil na cúig scannán ó réalta amháin (lag) go cúig réalta (thar barr).

Déan an rátáil faoi 27 Aibreán 2025 agus ná caill an deis duaiseanna éagsúla a bhuachan. Ina measc, tá cuairt ar Pharlaimint na hEorpa chun freastal ar Shearmanas Ghradam LUX ar 29 Aibreán 2025 agus bualadh le stiúrthóirí agus criúnna na scannán ainmnithe.

 

 

 

 

 

Eolas mar gheall ar an ngradam

lux audience award logo

Bronnann Parlaimint na hEorpa agus Acadamh na Scannán Eorpach Gradam Lucht Féachana LUX gach bliain, i gcomhpháirt leis an gCoimisiún Eorpach agus Europa Cinemas. Ceiliúrann an gradam scannánaíocht na hEorpa agus na haidhmeanna atá aici chun dul i ngleic leis an bpobal Eorpach i gcoitinne agus plé a dhéanamh ar ábhair thábhachtacha shochaíocha ar léiriú iad ar ár gcomhluachanna Eorpacha, amhail an daonlathas, an smacht reachta, an t-iolrachas agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

Cá háit chun féachaint ar na scannáin ainmnithe

Eagraíonn Parlaimint na hEorpa taispeáintí saor in aisce i ngach Ballstát. Ina theannta sin, is féidir leat féachaint ar an scannán/na scannáin trí fhreastal ar thaispeáint tráchtála i bpictiúrlann i do cheantar.
A bhuí le tionscadal Ghradam Lucht Féachana LUX, cuirtear fotheidil ar gach ceann de na cúig scannán ainmnithe i 24 theanga oifigiúla an Aontais.

Cliceáil ar an scannán le haghaidh tuilleadh eolais faoi na dátaí taispeána atá ar fáil agus lean sinn ar Instagram agus Facebook chun na scéalta is déanaí a fháil.

Tuilleadh eolais i dtaobh cá háit chun féachaint ar na scannáin ainmnithe

An Clár um Thallann Óg

Bhí cur chun cinn chomhluachanna na hEorpa agus na héagsúlachta cultúrtha i measc na hóige ina thosaíocht i gcónaí ag Parlaimint na hEorpa.
Roghnaíonn Parlaimint na hEorpa agus Europa Cinemas gairmí óg amháin in aghaidh gach tíre de chuid an Aontais Eorpaigh trí phróiseas iarratais oscailte.

Tuilleadh eolais i dtaobh an Chláir um Thallann Óg

 

Comhpháirtithe