Intercepted
Oksana Karpovych
© Lightdox. All rights reserved.
Ceanada, an Fhrainc, an Úcráin | 95 nóim | 2024 | Scannán faisnéise
Cad a spreagann na daoine a thagann go dtí do thír chun cogadh a fhearadh? Is iarracht é Intercepted freagra a fháil trí dhá shaol comhthreomhara a thaispeáint. Déanann an ceamara taifeadadh ar íomhánna de scriosadh i seatanna gan deifir, ina bhfeicimid sráidbhailte, bailte, tithe agus mótarbhealaí na hÚcráine tar éis a shaortha ó fhorghabháil na Rúise. Féachaimid go géar – ní ar dhuibheagán an scriosta agus an bháis, ach ar thírdhreacha atá á líonadh arís leis an mbeatha. Spreagann sé sin an dóchas agus is slí é chun an normalú a dhéanann na meáin ar an uafás a chothromú. Is frámaí iad atá leagtha síos in aghaidh thuile na n-íomhánna. Tríd an scannán, cruthaíonn an fuaimrian frithphointe corraitheach. Éistimid leis na taifeadtaí de chomhráite teileafóin a idircheap Seirbhís Rúnda na hÚcráine in 2022 idir saighdiúirí na Rúise i dtrinsí san Úcráin agus a dteaghlaigh. Is deacair a rá cé acu is measa: admhálacha na saighdiúirí faoi éigniú, creach agus céasadh brúidiúil shibhialtaigh agus phríosúnaigh chogaidh na hÚcráine nó guthanna na mban (go príomha) ón ‘mbaile’ a léiríonn seobhaineachas, fuath, bréagaisnéis agus bolscaireacht scitsifréineach. Stánann fuaim agus íomhá a chéile san aghaidh, sáite, tugtha le chéile i spás cineamatach.