Smoke Sauna Sisterhood
Anna Hints

© Alexandra Film, Kepler22 Productions, Ursus Parvus
An Eastóin, an Fhrainc, an Íoslainn | 89 nóim | 2023
Achoimre:
Tagann grúpa ban le chéile, i bhfolach i bhforaois mhéith ghlas i ndeisceart na hEastóine. Agus iad slán sábháilte i ndorchadas an sána deataigh, roinneann siad smaointe agus rúin a gcroíthe. Agus an teas teolaí, domhain thart timpeall orthu, nochtann siad iad féin go hiomlán agus faigheann siad réidh le gach cúis imní agus náire atá acu. Ar an tslí sin, tagann siad chucu féin arís.